Milli is highly intelligent. All she wants is to become a robotic engineer and spend her days working with her father, Leo. Creating hearts, lungs and other synthetic prosthesis. Will the be able to create a human robot?..
Ó phictiúirí satailíte a tugadh faoi deara an balla mór millteach cois aille ar an Oileán Thiar de chéaduair. Bhí a fhios ag muintir na háite faoi le tamall roimhe sin, ar ndóigh, ach níor chuir lucht raidió ná teilifíse suim ann nó go bhfacthas ón spás é. Fear áitiúil, Taim Thaidhg Rua, a tháinig abhaile tar éis blianta fada a chaitheamh ag plé le cúrsaí tógála, atá ina bhun. Cosaint ó bhaol súnámaí, a deir sé, de bharr athrú aeráide.
Is fada an bealach é go dtí an Camargue. Tá sin chomh fada ó dheas agus atá sa Fhrainc. Ach tá Cáitín sásta dul i gcontúirt chun a cara mór, Feirdí, a thabhairt slán. Tá sí fiú sásta taisteal … go Práinneach! Seo í an chéad leabhar sa tsraith scéalta ‘Cáitín Chaoch’ leis an scríbhneoir agus ealaíontóir do pháistí, Bruno Heitz.